Tá an tEarrach agus dóchas linn ar bhealach ar na mallaibh. Tá an lá ag dul chun síneadh mar a deir Raifteirí….ach cá bhfuil an ghrian? Tá na feirmeoirí ag tógáil na ceiste céanna! Tagann borradh faoi imeachtaí taobh amuigh nuair a bhíonn an aimsir níos fearr. 
 
Bíonn cluichí CLG faoi bhláth fosta comórtais bheaga, féilte, sraitheanna, coirn, laethe spraoi. Dár ndóighe, tá na Craobhacha Cúige faoi lán seoil agus Craobh na hÉireann ar ais!
 
Bíonn na reathaithe ag cur an dlaoí mhullaigh ar a bplean traenála agus an maratón ag teannadh linn, bíodh sin an rás sealaíochta, an tsiúlóid, leath-mharatón nó an t-iomlán léir 26.2 míle do na luthchleasaithe aclaí nó mire!  Sin ceart 26.2 míle agus bíonn an 0.2 sin dúshlánach i ndiaidh 26 bheith slánaithe agat!
 
Bíonn sraitheanna agus coirn sacair ag teacht chun críche ar bhonn áitiúla, náisiúnta agus idirnáisiúnta. Bíonn an t-am seo thar a bheith gnóthach ag an imreoir amaitearach a bheadh ag imirt oíche Mháirt, ansin oíche Dhéardaoin agus tráthnóna Sathairn in amannta leis an tsraith a chríochnú. Tá lucht Cliftonville ag dúil go mór le Cluiche Ceannais Chorn na hÉireann a bheas ann ar ball…. Ag cleachtadh leo le hAmhrán na bhFiann!
 
Bhuel, bíonn na scoileanna amhlaidh ag an am seo sa bhliain. Chomh gnóthach le bean ar lá aonaigh agus an aimsir mhaith agus na cluichí spóirt ag teacht go tréan agus go tiúbh. Déanann Cumann na mBunscoi obair na gcapall ag cur na gcluichí náisiúnta chun cinn fud fad na hÉireann. Foirne do chailíní agus do ghasúraí sa pheil, sa chamógaíocht agus san iomáint. Ar uairibh, bíonn deis ag páistí agus scoileanna áirithe páirt a ghlacadh sna cluichí leath ama ag Craobh na hÉireann! Samhlaigh sin agus tú deich mbliana nó aon bhliain d’aois! Bheifeá ar bis!
 
Tarlaíonn, i mo bharúil féin, imeacht iontach speisialta sainiúil sna Gaelscoileanna in Aontroim thart fán am seo sa bhliain, gach bliain: Féile Peile na nGaelscoileanna. Thiocfadh a rá go bhfuil mé beagán claonta anseo, tá lámh agam leis an chomórtas seo, ach ar an láimh eile, is ábhar mór mórtais agus bróid atá ann.

Dé ghnáth, ag deireadh mhí Aibreáin nó tús mhí Bealtaine, tagann Gaelscoileanna Aontroma le chéile le bheith ag imirt peil Ghaelach i Spórtlann na hÉireann ag Coláiste Feirste. Sin an dá Ghaelscoil dhéag ó gach cearn den chathair agus Gaelscoil Ghleann Darach agus Gaelscoil an Chaistil ag comhoibriú le Coláiste Feirste, Gael Linn, Laochra Loch Lao, Fís an Phobail, Ionad Uibh Eachach agus Coiste Imeachtaí na nGaelscoileanna. Ní neart go cur le chéile gan amhras!
 
Bíonn trí chomórtas ann ar an lá. Corn Liam Uí Mhuirí do na bunscoileanna móra, Sciath Laochra Loch Lao do na Gaelscoileanna beaga agus Pláta Choláiste Feirste do na scoileanna sin a bhfuil dhá fhoireann acu. Neart cluichí, neart spraoi do gach!
 
Tá tábhacht faoi leith le príomhchomórtas an lae, Corn Liam Uí Mhuirí. Téann trí scoil buacacha ón rannóg seo ar aghaidh go Féile Peile na Gaeltachta, Machaire Rabhartaigh má éiríonn leo, mar ionadaithe Aontroma. 
 
Ach ar an bharr sin agus níos tábhachtaí le bheith cruinn, tá an corn ainmnithe as Liam Ó Muirí, fear a d’éag roinnt blianta ó shin, ach a d’fhág a lorg ar an phobal agus ar an tsaol. D’fhreastail Liam ar Bhunscoil Phobal Feirste agus ar Scoil La Salle. Theagasc a mháthair, Máirín i mBunscoil Phobal Feirste agus  i nGaelscoil na bhFál. Rinne  a athair, Bob, macasamhail a lán tuismitheoirí ag an am feachtasaíocht, stocaireacht agus tiomsú airgid don bhunscoil. 
 
Spreag Liam a lán daltaí i dtreo na Gaeilge i Scoil La Salle, ar an ábhar go raibh Gaeilge líofa aige de thairbhe a chúlra bunscolaíochta. Bhí cruinneas agus deis a labhartha aige nach raibh ag na scolairí eile!
 
D’imir sé a lán spórt don scoil agus do Chumann Naomh Pól, peil Ghaelach, iomanaíocht agus peil uisce. Bhí sé ina chaptaen ar fhoireann idirnáisiúnta na hÉireann sa pheil uisce. Luthchleasaí agus fear spóirt déanta a bhí ann.

D’oibrigh Liam i Solánn Ard na bhFeá ar feadh tamaill agus ansin chaith sé am ag obair i saol na Gaeilge le Comhairle na Gaelscolaíochta.
 
Bhí Liam pósta ar Bernie agus bhí  beirt pháistí acu, cúpla. Liam Óg agus Amy. Ar ndóighe, d’fhreastail na páistí ar Ghaelscoil agus chuir mé féin aithne acu mar mhúinteoir. Fuair Liam bás go tragóideach agus é ró-óg. Gael go smior a bhí ann.
 
Shocraigh na Gaelscoileanna comórtas a reachtáil in ómós dó, Corn Liam Uí Mhuirí. Tá an comórtas ag dul ó neart go neart.  Tá ainm Liam go fóill i mbéal an phobail, ainm Liam i mbéal gach páiste gaelscoile, nach iontach sin mar oidhreacht.
 
Ní amháin go mbíonn peil i gceist leis na comórtais seo, ach i rith na bliana, faoin scáth-eagras Comórtais Uí Mhuirí, bíonn féilte camógaíochta, iománaíochta, sacair, drámaíochta, trastíre agus tráth na gceisteanna. Treisíonn na himeachtaí seo eispeireas foghlama na ndaltaí Gaeloideachais agus tugann siad an teanga, an Ghaeilge taobh amuigh den tseomra ranga. Buaicphointe na bliana atá ann do Ghaelscoileanna Aontroma. 
 
Ní fada uainn anois é! FÉILE PEILE NA nGAELSCOILEANNA AONTROMA 10.00am-2.00pm, Spórtlann Choláiste Feirste Aoine 26 Aibreáin.

Beidh Oíche Cheoil na Féile Peile ag titim amach i ndiaidh na Féile Peile ar an Aoine 26/4/24 i gCumann Soisiálta CASEMENT. Fundraiser for Féile Peile in Casement Social Club Fri 26/4/24 live music with Ionad na Fuiseoige and HOT WHISKEYS 8-mall. Fáilte!!