Tá borradh faoin Ghaeilge gan amhras i gcéin is i gcóngar. Tá sé cineál cúláilte anois Gaeilge a labhairt agus Gaeilge a úsáid. Athbheochan eile ar bhealach. Ó Gliders Bhéal Feirste go Cillian Murphy, an Corcaíoch clúiteach, ba mhaith le gach duine bheith Gaelach!

Má amharcann muid ar mhacasamhail Kneecap atá ag craobhscaoileadh shoiscéal na Gaeilge ar fud an domhain agus ag labhairt amach ar son na Palaistíne ag an am céanna, chímid tionchar na glúine uirbí ar an teanga. Ar an láimh eile, bíonn muintir Dhream Dearg ag brú na Gaeilge chun tosaigh agus chun tosaigh agus ag iarraidh go mbeidh an teanga feiceálach, tábhachtach agus ar chomhchéim leis an Bhéarla. Féach, an feachtas is déanaí atá idir lámha acu ag Cros na bhFíodóirí.

Ní ligeann siad a maidí le sruth, comharthaíocht dhátheangach ar na sráideanna, comharthaíocht Ghaeilge do chuairteoirí i Reilig na Cathrach. Gan trácht ar Acht Teanga, ar fheachtasaíocht leanúnach ar son Gaeilgeoirí óga na cathrach ná feachtas bus Choláiste Feirste agus stocaireacht ar son na gcumann óige.

Áfach, cad é a dhéanann an gnáth-Ghaeilgeoir? Tá a fhios agat, an gnáthdhuine san athbheochan. Mise agus tusa. Labhraímid Gaeilge, thacaigh muid leis na Gaelscoileanna, roghnaigh muid Gaeloideachas d’ár bpáistí. Téann muid chuig an Chultúrlann, freastlaímid ar ócáidí Gaelacha sa Lón Dubh nó in Ionad Uibh Eachach. Éistimid le Raidió Fáilte agus ceannaímid leabhair sa Cheathrú Phoilí.

An bhfuil aon rud eile le déanamh? An féidir linn bheith ag cur le gluaiseacht na Gaeilge go fóill? An bhfuil ról ann fós?

Ar na mallaibh, chláraigh mé le Twitter/X. Anois, domhsa, duine atá amhrasach faoin teicneolaíocht agus na meáin chumarsáide, rud mór a bhí ann go pearsanta. Múineann gá seift. Bainim úsáid as an ardán ar líne le heolas a scaipeadh maidir le camchuairteanna reilige a bhíonn sa tsiúl agam.

Ar an ábhar, go raibh mé i mbun pinn i nGaeilge ar líne, tháinig gnéithe beaga agus nithe beaga Gaeilge aníos ar m’amlíne, a fhad liom. Tháinig borradh faoi mo Ghaeilge féin. Athbheochan ar líne ar bhealach. Tá pobal na Gaeilge le fáil i ngach aon áit agus ar líne chomh maith. Leantóirí Twitter na Gaeilge abú!

Le tamall anuas, tá mé ag leanstan na nGaeilgeoirí seo a leanas ar Twitter nó X, le bheith cruinn!

Coiste na bhFocal Nua, Gliadar (foilsitheoir Gaeilge), An Fáinne, Nós, Seachtain na Gaeilge, Fóram na nGael, Seachtain, Bladhaire, Ógras, TG4 Nuacht, Ionad na Fuiseoige, Ionad Uibh Eachach, An Gréasán, Éabhlóid, Craobh Uí Thuama, Gaelphobal Ard Mhacha, Cas Ceirnín, An Droichead, PEIG, An tSeachtain, Téarma, Teanglann, Splanc, COGG, Glór Mhachaire Fíolta, Cló Iar-Chonnacht.......agus fiche rud eile!
Bíonn plé, caint, cur agus cúiteamh, comhráite, díospóireachtaí, argóintí, smaointeacha, eolas agus barúlacha a nochtadh ar líne. Suimiúil agus spleodrach. Nuair a bhíonn tú nua agus díograiseach, cuireann tú speis mhór sna rudaí beaga. Leanaim a lán eagraíochtaí Gaeilge agus Gaeilgeoirí, ach más maith leat cur le do Ghaeilge focal ar fhocal, briathar ar bhriathar. Mholfainn go hard Coiste na bhFocal Nua, Téarma agus Manchán Magan.

Bhí plé ar Choiste na bhFocal Nua le déanaí ar na foclaí a chríochnaíonn ar -lann sa Ghaeilge, tá a fhios agat na cinn a chuireann ionad nó áit in iúl duit. Bhí sé thar barr! Liosta fada cuimsitheach don Ghaeilgeoir atá ag iarraidh cur lena stór focal.

Tolglann, sceallóglann, kebablann, pileárlann, sciamhlann, lúthlann, deochlann,gorlann, cogaslann, iarsmalann, spórtlann, eachlann, cartlann...agus neart eile.

Theagasc siad Amanathar domh, an lá arna mhárach!!

Gach lá ar Théarma, bíonn téarma an lae ann agus íomha bheag chliste ag tacú leis agus aistriúchán go Béarla. Seo an Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge, na boic mhóra! Ar na mallaibh, shonraigh mé na cinn seo...

Páirceáil i rith an lae - daytime parking, maide cumraíochta - contour stick,
reothrálaer - freezer trawler, gastranamaíocht - gastronomy, forcardaitheoir - fork lift truck agus tuilleadh!!

Mar sin, má mhothaíonn tú díomhaoin mar Ghaeilgeoir nó ba mhaith leat triail a bhaint as rud inteacht nua. Leanaigí eagraíochtaí Gaeilge agus Gaeilgeoirí ar Twitter/X.
Focal ar fhocal ag foghlaim agus athbheochan na teanga! Leanaigí ar aghaidh!