FUAIR Alexi greim ar an rópa bhuí agus thum sé isteach san uisce, a chorp lúbtha i gcruth grástúil an deilfín. Shnámh sé fiche méadar a fhad leis an oileán agus dhreap sé cosnocht suas na carraigeacha gur aimsigh sé rud daingean a dtiocfadh leis an téad a cheangal leis. Crann beag a roghnaigh sé. Chuir sé an rópa thart timpeall air agus chuir snaidhm go sciliúil ann. Dhá bhomaite ina dhiaidh sin, bhí sé ag teacht aníos as an fharraige isteach sa Duende, bád 44 troigh atá mar mhodh iompair, áit chónaithe agus tearmann ag seisear againn an tseachtain seo i Muir Iónach. Focal Spáinnise é duende a chiallaíonn an paisean agus an inspioráid a thagann ar ealaíontóir i mbuaic na cruthaitheachta.
 
Is é Alexi an scipéir agus tá bád eile, Iris IV, ag dul thart ar oileáin thiar na Gréige in éineacht linn faoi stiúir Petros, ceoltóir proifisiúnta a chaith seachtain na hEoraifíse i mBaile Átha Cliath in 1997 leis an ghrúpa a rinne ionadaíocht ar an Ghréig sa chomórtas. Bhí ról aige i searmanas oscailte na gCluichí Oilimpeacha san Aithin in 2004 fosta. Eisean an drumadóir ar an mhórscáileán ón chianaimsir a bhí i mbun agallaimh le lucht cnagtha na ndrumaí sa staidiam féin.
 
Tá druma fíorálainn le Petros ar an turas seo atá déanta de chruach agus ar féidir nótaí a chasadh air. Chuirfeadh an fhuaim thaibhsiúil, uaigneach clog i gcuimhne duit. Gach maidin agus tráthnóna le luí na gréine buaileann sé ceol a thig óna chroí agus as an stór rithimí agus dreasanna atá cluinste, foghlamtha agus suaite go smior aige le dhá scór bliain anuas.

Anocht seachas fanacht i bport, tá an t-ancaire curtha go grinneall i gcuan beag cluthair ar chósta Iotaca, oileán i scéal Odaiséis i miotaseolaíocht na sean-Ghréige. Tá cuar Bhealach na Bó Finne os ár gcionn agus tá an Scairp, nach bhfuil le feiceáil sa bhaile, go híseal i spéir an deiscirt. Tá béal an chuain ag amharc amach díreach soir, 90 céim glan ar an chompás. An grianstad atá ann amárach agus éireoimid luath le fáinne geal an lae.